Litir na Nollag 2025
A chara, Tá ár gceann scríbe sroichte againn – deireadh na bliana 2025. Guíimid gach rath oraibh don Nollaig. Tá súil againn go mbeidh saoire deas, séimh, taithneamhach, sábháilte agaibh.
A chara, Tá ár gceann scríbe sroichte againn – deireadh na bliana 2025. Guíimid gach rath oraibh don Nollaig. Tá súil againn go mbeidh saoire deas, séimh, taithneamhach, sábháilte agaibh.
Lá Eolaíochta i Rang na Naíonáin le ola, uisce, vinegar agus bainne….An Mheascann siad le chéile??…cuir ceist ar na saineolaithe!!
Tá Rang a hAon agus a dó ag ullmhú le haghaidh Oíche Shamhna. Ag foghlaim focail nua Oíche Shamhna, dánta, ag scríobh oideas le haghaidh na cailleacha agus ag déanamh pota mór dubh le oideas scanrúil1. Oiche Shamhna Shona Dhaoibh go léir!
Bhí siúlóid deas againn inniu amuigh faoin tuatha. Thugamar faoi ndeara go bhfuil dathanna na nduilleoga ag athrú – buí, donn, dearg, glas, oráiste. Níor chualamar na héin ag canadh ró mhór…ach amháin spideog beag abhí seasta ar an gclaí.
Comhluadar, Craic is Cairdeas i Rang na Naíonáin ar an gcèad lá ar scoil i Scoil Náisiúnta an Chlocháin 2025. Fáilte roimh an deichniúr páiste nua a thosnaigh i mbliana. Tús Maith Leath na hOubre!!
Bhí lá iontach, taithneamhach, suimiúil againn ag ócáid speisialta san Ionad Oideachais i dTrálí le déanaí – Lá Lego Spike. Thánamar le chéile le páistí ó scoileanna beaga ghaeltachta cosúil linn féin. Rinnemar cur i láthair bunaithe ar an téama : Deifeanna Sáinnithe in Inbhear an Chlocháin. Táimid fíorbhuíoch do Louise agus Tabitha a thug…
Tháinig ár seantuismitheoirí ar cuairt chughainn ar scoil. Bhí lá iontach againn. Ar dtús bhí orainn rudaí a ullmhú.Rinneamar pictiúr deas leo -An tEarrach. Chuireamar síolta agus bleibeanna le chéile.Thugamar cupán tae agus brioscaí agus cácaí dóibh. Tá súil againn go raibh lá iontach acu comh maith.
Táimíd i rang a haon agus rang a dó. Táimíd ag scipeáil gach maidin ar scoil ar feadh 4 seachtaine. Táimíg ag scipéail ar fud na hEorapa. Is maith linn ag léimt agus ag comhaireamh. Bhí pasta again nuair a shroicheamar an Iodáil. Táimíd ana mhaith ag scipeáil! Chum Rang a 1 agus 2 an…