Turas Scoile go Sandy Feet Farm

Bhaineamar sár thaithneamh as an lá a chaitheamar ar Sandy Feet Farm le Eleanor. Bhí an tádh dearg againn go raibh an aimsir go hálainn. Chonaiceamar réimse móra animhithe – lucha beaga, sicíní, caora, alpaca, péacóga, coiníní,  gráinneoga agus muca. Bhí na lucha beaga ag dreapadóireacht orainne. Bheir an sicín ubh deas úr sa tuí. Thugamar buidéal bainne dos na caora. Chuamar ag siúl le coiníní. An raibh a fhios agat go m bíonn an coinín i gceannas nuair atá tú ag siúl leis!

Bhí picnic deas againn agus bhí deis againn am a chaitheamh sa sensory garden agus sa pháirc súgradh. Deacair ará céard a thaithin is mó linn. 

Go raibh maith agat do Sandra, an tiománaí bus agus go raibh maith agat do gach êinne a chabhraigh linn ar an lá.   Rang na Naíonáin. 2026.